An daor dall agus ceol a tháinig slán thar na céadta bliain

bua an cheoil ag daoine ar leith


Díol suime é an méid ealaíontóirí a raibh máchail orthu, go háirithe i stair an cheoil. Na ceoltóirí, Ray Charles, Jacqueline du Pré, Itzhak Perlman, Jeff Healey, Stevie Wonder, Andrea Bocelli, Beethoven. B’amhlaidh an scéal i gcás mórán filí ó thraidisiún na tíre seo.

Sa chultúr Gaelach, ba mhinic a chuaigh duine i gcomhairle leis an dall nuair a bhí cinntí deacra le déanamh. Ag an dall a bhí an “fios”. Ar chúis aisteach éigin feiceann siad rudaí go minic nach bhfuil soiléir don chuid eile againn. Saol crua a bhíonn i ndán do na fáithe go minic. Ag streachailt leis an saol a bhídís fadó agus ní dócha go dtiocfaidh athrú ar an scéal sna blianta amach romhainn ach an oiread.

B’amhlaidh do Raiftearaí File agus Fáidh. B’amhlaidh freisin don cheoltóir agus misteach Blind Tom Wiggins, fear gorm a rugadh dall in Georgia, sna Stáit Aontaithe, i lár an 19ú haois.

Ó thaobh an cheoil de, is cinnte gur rugadh Blind Tom le buanna neamhghnácha. Ní hamháin sin ach is léir go raibh “fios” aige agus cumas eisceachtúil ó thaobh cuimhne de, cumas cruthaitheach thar na bearta chomh maith, duine a bhí in ann an ghaoth is an toirneach is uisce na habhann a shníomh isteach ina chuid ceoil go míorúilteach.

READ MORE

Dá n-éistfeadh sé le píosa ceoil uair nó dhó, bhí sé de ghlanmheabhair aige. Ní hamháin sin ach bhí sé de chumas ann an píosa ceoil chéanna a sheinm go paiteanta arís is eile. Rugadh mar sclábhaí é in Columbus, Georgia, sa bhliain 1848. Ní raibh a mháistir sclábhaíochta, Wiley Jones, sásta go mbeadh air an páiste óg faoi mhíchumas seo a bheathú agus a chothú agus bhí ar mháthair Tom súil ghéar a choinneáil ar an leaid óg agus a bheith san airdeall i gcónaí dá réir.

Ba chuma beo nó marbh dó Tom i súile Jones, agus ba bhuíochas dá mháthair gur tháinig Tom ina óige i ndáiríre.

Seachas an daille, bhí Tom cosúil le haon leanbh eile sula raibh sé bliain d’aois. Is ansin a d’airigh an comhluadar go mba dhuine ar leith é, go háirithe maidir le fuaimeanna agus rithim de.

I dtús báire, thosaigh Tom ag déanamh aithrise ar na fuaimeanna difriúla a chuala sé timpeall na feirme. Dá ligfeadh an coileach scairt as, chloisfeá macalla an choiligh ó Tom beag; an rud céanna é dá gcloisfeadh sé fothram ar bith timpeall an tí i ndáiríre.

Thug na sclábhaithe eile faoi deara go raibh sé de chumas ann aithris a dhéanamh ar cheol na n-éan agus go raibh tuiscint neamhghnách aige do rithimí agus d’fhuaimeanna an tsaoil.

Faoin am go raibh sé ceithre bliana d’aois d’fhéadfadh Tom athrá a dhéanamh ar chomhrá iomlán deich nóiméad ar fad cé nár thuig sé cén t-ábhar a bhí faoi chaibidil agus nach raibh sé in ann comhrá ar bith a dhéanamh leis na daoine thart air.

Lá amháin, tháinig Tom Dall chomh fada le teach a mháistir agus tháinig ar phianó ansin. Bhain sé triail as eochracha an phianó ghalánta agus ba léir go raibh suaimhneas aisteach bainte amach aige faoi dheireadh. Bhí a chorp ag crith le sásamh; bhí cineál eacstaise air. Tar éis do Tom sraith cuairteanna gan fáilte a thabhairt ar an teach mór, d’aithin an Ginearál Bethune go raibh bua an cheoil sa leanbh aisteach seo agus rinne sé ranganna teagaisc a shocrú dó. Dhá bhliain ina dhiaidh sin agus é in aois a sé bliana d’aois, bhí Tom ag seinm go poiblí fud fad Georgia, é ag mealladh sluaite móra chun a cheolchoirmeacha.

De réir mar a mhéadaíonn ar ár dtuiscint ar an uathachas sa lá atá inniu ann, is ea a thuigimid cad a bhí taobh thiar de bhuanna iontacha Tom.

Anuas ar an daille a bhí air ón lá a rugadh é, is cosúil go raibh an t-uathachas ar Tom agus gur chabhraigh an ceol go mór leis chun éalú ó na tosca is measa a shamhlaítear leis an ngalar sin. An ceol an bealach éalaithe a bhí ag Tom.

Taobh thiar den phianó, ba dhuine nua é Tom Dall, duine ar leith; ní hamháin go ndearna an domhan mórthimpeall air brí chéadfach dó ansin ach tháinig inspioráid chuige trína chuid ceoil agus amhránaíochta.

Chas Tom gach cineál ceoil idir ragtime, snagcheol, na gormacha agus an ceol clasaiceach ach ba é an fonn ba cháiliúla a chum sé ná Cath Manassas , píosa ceoil a scríobh sé seo nuair a bhí sé 15 bliain d'aois. Bunaithe ar fhuaimeanna catha (Cogadh Cathartha Mheiriceá) a chuala sé i gcéin uaidh a bhí ann – trup na saighdiúirí ag máirseáil go páirc an áir agus tat-tat-tat na ndrumaí agus na muscaed.